Cúlra
Is é TG4 meán seirbhíse poiblí Gaeilge na hÉireann. Tá TG4 ar fáil ar gach ardán craolta ar oileán na hÉireann agus ar fud an domhain ar Seinnteoir TG4. Tá TG4 lonnaithe i nGaeltacht Chonamara. Mar chraoltóir/foilsitheoir, tacaíonn TG4 leis an earnáil léiriúcháin neamhspleách ar fud na tíre agus sa Ghaeltacht ach go háirithe. Tá buiséad bliantúil de €65.4m ag TG4 in 2026 ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt. Tá breis agus 110 fostaithe go lánaimseartha. Beidh TG4 ag ceiliúradh tríocha bliain ar an bhfód i mbliana.




