Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha agus Gnóthaí Poiblí
Conradh Buan
Is craoltóir náisiúnta teilifíse Gaeilge é TG4 atá lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. Is craoltóir-foilsitheoir seirbhíse poiblí é TG4 a fhaigheann formhór a ábhair ó earnáil na léiritheoirí neamhspleácha, ábhar a bhfuil duaiseanna agus gradaim go leor buaite aige. Tá ábhar TG4 ar fáil ar gach ardán teilifíse ar fud na hÉireann, ar fud an domhain ar an idirlíon agus ar ardáin dhigiteacha.
Is mian le TG4 Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha agus Gnóthaí Poiblí a earcú ar chonradh buan.
Sainchuntas Poist
- Seirbhísí Corporáideacha, Acmhainní Daonna (AD) agus Gnóthaí Poiblí TG4 a stiúrú chun aidhmeanna straitéiseacha agus barr feabhais na heagraíochta a spreagadh.
- Ag freagairt don Ard-Stiúrthóir agus mar bhall den Fhoireann Ceannaireachta, ag cinntiú rialachas éifeachtach agus comhlíontacht de réir reachta, agus ag feidhmiú le heagrais rialtais agus phoiblí ar son TG4.
- Rialtacht chorporáideach, comhréiteach polasaí, agus straitéis AD a mhaoirsiú, ag cinntiú dea-chleachtas agus feabhsú leanúnach.
- Na próisis iniúchta bhliantúla agus riosca, tuairisciú bhliantúil, agus polasaithe siláthair a bhainistiú.
- Feidhmiú mar Rúnaí Comhlachta, ag cinntiú comhlíontacht le rialacháin ábhartha, GDPR agus saoráil faisnéise san áireamh.
Na Scileanna atáthar á lorg Uait
- ‘Sí an Ghaeilge teanga ghnó TG4 agus ar an ábhar sin, ní mór go mbeadh Gaeilge den scoth, labhartha agus scríofa, ag an té a cheaptar.
- Ar a laghad 5 bliana de thaithí chruthaithe mar cheannaire ag leibhéal sinsearach/feidhmeannach.
- Eolas domhain ar rialtacht chorporáideach agus comhlíontacht reachtúil.
- Taithí ag bainistiú feidhmeanna AD agus cur i gcrích polasaí eagraíochta.
- Scileanna cumarsáide agus eagraíochta den scoth.
An Tairiscint Duitse
- Ról cheannaireachta straitéiseach mar bhall d’fhoireann bhainistíochta TG4
- Deis chun rialtacht agus polasaí a chur i bhfeidhm laistigh de thimpeallacht dinimicúil na meán
- Tuarastal iomaíoch (sonraí ar fáil ach iad a iarraidh).
An Chéad Céim Eile
Cuir iarratas isteach anois nó déan teagmháil linn le sonraí breise a lorg má ionann do phróifíl agus más é do mhian go mbeadh fíor-thionchar agat ar TG4.