Is é Gailearaí Náisiúnta na hÉireann (an ‘Gailearaí’) príomh institiúid chultúrdha náisiúnta na hÉireann dírithe ar bhailiúchán agus ar chúram na mínealaíona. Le breis is 19,000 pictiúir, líníochtaí, uiscedhathanna, mionphictiúir, priontaí, píosaí dealbhóireachta agus na healaíona maisithe, i measc bailiúcháin an-mhór na hinstitúide tá mórshaothair d’fhormhór na bpearsan is cáiliúla i stair ealaíne iarthar na hEorpa.
Beidh an t-iarrthóir rathúil, ag tuairisciú dó/di don Cheannasaí Cumarsáide (nó ionadaí ainmnithe):
- Ag obair leis an fhoireann CMID chun plean cumarsáide an Ghailearaí a chur le chéile agus a chomhordú, ábhar i nGaeilge san áireamh gan a bheith teoranta chuige sin, le haghaidh cúrsaí cumarsáide, margaíochta agus idirghníomhú digiteach
- Ag comhordú forbairt ábhar i nGaeilge d’fhoireann CMID agus don Ghailearaí trí aistriucháin i nGaeilge a sholáthar agus foinse, measúnacht agus eagarthóireacht ar aistriúcháin Ghaeilge a chur ar fáil roimh foilsiú
- Ag déanamh taighde, forbairt agus cur i gcrích ar phlean do shuíomh gréasáin Gaeilge an Ghailearaí
- Ag cur cóip mheallteach agus éifeachtach dé-theangach (Gaeilge agus Béarla) ar fáil le húsáid sa chumarsáid inmheánach agus sheachtrach (m.sh. preasráitis, cur i láthair, cuirí agus ábhair phreas, ábhar suíomh gréasáin, ábhar do mheáin shóisialta, tuairiscí corporáideacha, inlíon agus fógraíocht)
- Ag cinntiú go bhfuil an Gailearaí ag comhlionadh riachtanais ábhair agus fógraíochta faoi Alt 10 (A) d’ Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021
- Ag comhoibriú le foirne eile sa Ghailearaí chun cur chuige pleanáilte a fhorbairt maidir le aistriúchán agus eagarthóireacht ar dhoiciméid an Ghailearai agus tuairisciú ar ár ngníomhaíochtaí sa Ghaeilge
- Ag ullmhú agus ag foilsiú ábhar agus doiciméid so-aimsithe
- Ag obair le foirne ábhartha sa Ghailearaí agus úinéirí suíomh gréasáin/ardáin (m.sh. Foilseacháin & Iomhánna, Leabharlann agus Cartlann, Oideachas, Acmhainní Daonna, Miondíol agus Díolacháin Ticéad) chun cur le húsáid dé-theangach forfhearainn an Ghailearaí
- Ag poibliú cláracha an Ghailearaí – suas le deich thaispeántas sa bhliain san áireamh - trí ardáin digiteacha agus de na meáin
- Ag beartú agus ag cur i gcrích preasráitis agus cur i láthair atá saincheaptha agus dírithe ar réimse de sholáthraithe sna meáin Ghaeilge
- Ag bainistiú agus ag caomhnú nasc le hiriseoirí agus páirtithe leasmhara, freagairt ceisteanna ó na meáin san áireamh
- Ag comhordú agus ag maoirsiú gníomhaíochtaí cumarsáide agus margaíochta cosúil le réamhchuntais phreas, gairmeacha ghrianghraf, scannánú agus stiúrthóireacht ábhar físe
- Ag glacadh le dualgais eile mar is cuí don phost, mar a tugtar ag an bhainistíocht líne
Ní mór go mbeadh ag an iarrthóir rathúil:
- CáIlíocht tríú leibhéal
- Gaeilge líofa (labhartha agus scríofa)
- Taithí le haistritheoireacht – idir Ghaeilge agus Bhéarla, go hidéalach le hoiliúint nó le cáilíochtaí ábhartha AGUS/NÓ
- Taithí sna méain Ghaeilge – cúlra san iriseoireacht nó le táirgiú ábhar do na meáin shóisialta trí Ghaeilge, go hidéalach le hoiliúint nó le cáilíochtaí ábhartha
- Scileanna cumarsáide agus idirphearsanta den scoth a chruthú – scríofa agus ó bhéal -araon le cumas feachtais éifeachtacha, shoiléire agus spéisiúla, go hinmheánach nó go seachtrach
- Eolas ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021
- Taithí cheana ag obair sa Chumarsáid nó a mhacasamhail de réimse
- Taithí i ról Gaeilge - Béarla nó ról Gaeilge
- Eolas ar thírdhreach na meán in Éirinn
- Eolas ar ardáin dhigiteacha, ar bhogearraí agus ar chláracha mar Mailchimp, Drupal, X, Instagram, Facebook, YouTube, Photoshop
- Tuiscint ar threochtaí reatha agus forbairtí sa chumarsáid, sa chumarsáid dhigiteach agus laistigh den earnáil chultúrdha
- Scileanna eagraíochta, riaracháin agus bainistíocht ama, le cumas tosaíocht a thabhairt do thascanna chun spriocdhátaí a bhaint amach, fad a leantar le cruinneas
- Scileanna Teicneolaíocht Faisnéise (Microsoft Office) ar ardleibhéal agus taithí roimhe seo ag obair le córais ábhar gréasáin a bhainistiú agus ag forbairt ábhar gréasáin le haghaidh eagraíochtaí cultúrdha
- Díocas agus spéis a bheith ag obair ag an Gailearaí agus sa réimse cultúrdha agus fonn cur le timpeallacht dhearfach oibre
Coinníollacha Fostaíochta
Is treoir atá sa sainchuntas poist seo maidir le réimsí leathana freagrachta agus cuntasachta nach cóir a áireamh mar chlár cuimsitheach. I ngeall ar structúir nua agus/nó athruithe ar riachtanais an Ghailearaí, d’fhéadfaí é a athrú. Ní mór do gach fostaí cloí le nósanna imeachta scagthástáil NGI agus grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána. Braitheann an post seo ar scrúdú sásúil dochtúra agus tréimhse rathúil promhaidh. Ní mór d’iarrthóirí a bheith líofa sa Bhéarla agus i dteideal obair a dhéanamh in Éirinn.
Saoire Bhliantúil: Beidh an t-iarrthóir rathúil i dteideal 23 lá saoire bhliantúil pro rata
Aoisliúntas: Áireofar an t-iarrthóir rathúil i scéim pinsin na hearnála poiblí.
Sochair: Tugann an Gailearaí deis don fhoireann páirt a ghlacadh sna scéimeanna sábháil cáin agus rothaigh chun na hoibre.
Fad: Buan
Deánfar aon sonraí pearsanta a chuireann tú ar fáil agus tú i mbun iarratais ar an bpost seo, a phróiseáil de réir ár bhFógra Rúndachta.
Iarratas a dhéanamh: Chun iarratas a dhéanamh, led thoil cuir na cáipéisi seo a leanas ar fáil (Formad PDF):
- Litir chlúdaigh i nGaeilge agus i mBéarla, nach mó ná dhá leathanach
- CV i nGaeilge agus i mBéarla, nach mó ná dhá leathanach
Dáta deiridh le hiarratais a fháil: 29 Meitheamh 2026
Socrófar agallaimh i Lúil 2026.