Riarthóir Teicneolaíochta Faisnéise
-
Contact email:
lomeara@sigmar.ie
-
Sector:
-
Contact phone:
+35314744643
-
Job type:
-
Job ref:
LOMIT44044
-
Salary:
Negotiable
-
Published:
12 days ago
-
Contact email:
-
Consultant:
Job description
Riarthóir Teicneolaíochta Faisnéise & Cibearshlándála / Gaillimhe / Conradh Buan
Is mian le TG4 Riarthóir Teicneolaíochta Faisnéise (TF) & Cibearshlándála a earcú a bheidh lonnaithe sa gCeannáras i nGaeltacht na Gaillimhe. Ag freagairt don Bhainisteoir Innealtóireachta, beidh an Riarthóir Teicneolaíochta Faisnéise & Cibearshlándála i gceannas ar shruthanna oibre agus seirbhísí laethúla TF a chomhordú, tacaíocht deisce cabhrach a sholáthar chomh maith le córais ghréasáin, chibearshlándála agus TF TG4 a riar.
Ról Nua
Beidh an té a cheapfar freagrach as:
- Tacaíocht theicniúil TF a chur ar fáil ar an láthair i TG4 agus d’úsáideoirí cianda
- Oibriú leis an bhfoireann chun próisis agus córais chibearshlándála TG4 a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.
- Fabhtanna crua-earraí agus bogearraí a aithint agus a réiteach
- Na córais atá ann cheana a chothabháil agus monatóireacht a dhéanamh orthu, lena n-áirítear córais riaracháin agus crua-earraí gréasáin
- Bogearraí agus crua-earraí Windows, Mac, Linux agus bogearraí agus crua-earraí eile a shuiteáil agus a chumrú
- Cúnamh a thabhairt próisis a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun timpeallacht sheasmhach ghréasáin a choinneáil
- Cúnamh a thabhairt le hobair tionscadail chun bonneagar teicneolaíochta na cuideachta a fhorbairt
- Teicneolaíocht nua a thástáil agus a mheas
- Cáipéisíocht na gcóras TE a fhorbairt agus a chothabháil
A bhfuil riachtanach don phost seo:
- Cáilíocht 3ú leibhéal sa Teicneolaíocht Faisnéise, nó a chomhionann.
- Taithí 4 bliana ar a laghad i ról den chineál céanna.
- Eolas ar chórais Mac, Windows, Linux agus ar phrótacail chumarsáide
- Eolas ar phríomh-fheidhmchláir ghnó ar an deasc agus sa néal
- A bheith eagraithe agus pointeáilte agus aird ghéar a bheith agat ar mhionsonraí
- A bheith ábalta smaointeoireacht shoiléir agus anailíseach a dhéanamh chomh maith le bheith ábalta na ceisteanna cearta a chur
- Dea-scileanna cumarsáide ó bhéal, go leictreonach agus sa scríobh ar fud gach leibhéal den chuideachta
- A bheith sásta agus ábalta scil nua a fhoghlaim go tapa
- A bheith ábalta próisis, nósanna imeachta agus torthaí a thaifeadadh
- A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil.
- Fócas dearfach, cumas maith foirne agus taithí ar bheith ag obair mar chuid d’fhoireann bheag
- A bheith ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh agus a chinntiú go mbeidh ábhar, a bheidh ar ardchaighdeán, réidh agus ar fáil in am.
- Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach Gaeilge den scoth a bheith ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
Bheadh a leanas ina mbuntáiste d’iarrthóirí:
- Taithí ar chreat bainistithe slándála amhail IS0 27001 nó NIST CSF a chur i bhfeidhm
- Cáilíochtaí eile lena n-áirítear CISSP, CCSK, CISM, MSc sa Chibearshlándáil
- Scileanna forbartha bogearraí lena n-áirítear códáil agus scriptiú
Tá polasaí oibre solúbtha i bhfeidhm i TG4. Íocfar tuarastal de réir taithí.